Éisteacht Teangan fógraithe ag Liadh Ní Riada don Bhruiséil

7 March 2016
By Tom O’Sullivan
tom@TheCork.ie

D’fhógair an Feisire Eorpach de chuid Shinn Féin, Liadh Ní Riada go ndéanfaidh sí óstáil ar Éisteacht Teanga, le béim i leith ar an nGaeilge, i bParlaimint na hEorpa Mí an Mheithimh seo.

Liadh_Ni_Riada_EU_2014-200x300-200x300-200x3001-200x3001-200x300-200x300

Agus í ag labhairt i gCorcaigh, áit ina raibh sí ag tabhairt aitheasc ag bricfeasta líonrú Gaeilge eagraithe ag Glór na nGael agus Gael taca mar chuid dá gclár Seachtain na Gaeilge, dúirt Liadh Ní Riada:

‘Tá an-áthas orm a chuir in iúl daoibh go ndéanfaidh mé óstail ar ésiteacht speisialta teanga i bParlaimint na hEorpa, chun tabhairt fé cás teangacha réigiúnacha, dúchasacha agus mionlaigh ar fud an Aontas Eorpach. Táim ag déanamh comhoibriú leis an Líonra Eorpach um Comhionannais Teanga (ELEN) chun painéal saineolaí agus tacadóirí teangaa ó tíorthe éagsúla a tharraingt le chéile.

“Is buncheist bheo í an teanga san Eorap, mar atá sí sa bhaile. In Eanair 2015 chuir ELEN tuairisc ós comhar na Náisiun Aontaithe mar gheall ar leithcheal teanga sa Stát Spáinneach, gó háirithe i gcoinne cainteoirí Catalóinise, Bascaise agus Gailísise.

“Is léir go bhfuil leithcheal teanga ar bun ní amháin sa Stát Spáinneach, ach ar fud na hEorpa. Tá an iomarca modhanna leithcheal a dhéanamh, agus níl aon amhras ach go bhfuil ceartaí teanga daoine a sharú i gcás gach teanga réigiúnach, dúchasach nó mionlach san Eorap.

“Anseo in Éireann, mar shampla, tá ár rialtas fein, maraon le Rialtas na Breataine, ag baint an donn d’úsáid agus cothromaíocht na Gaeilge ó thuaidh de dheasca a neamhthoilteanas Comhaontú Chill Rìmhinn a chuir i ngíomh agus Acht na Gaeilge a reachtáil.

“Beidh an Éisteacht Teanga tráthúil agus cainteoirí teangacha réigiúnacha, dúchasacha nó mionlaigh faoi bhrú agus i mbun agóide i gcóir aitheantas, comhionannas agus dlúthphártaíocht chun ceann dá gceartaí is bunúsacha a bhaint amach, sé sin an ceart do theanga féin a labhairt.

“Nílim in ann mo theanga dúchasach a úsáid agus mé i mbun oibre go laethúil i bParlaimint na hEorpa, rud atá go homlán i gcoinne prionsabal an Aontas Eorpach. Ní féidir leis an AE leanúint ag rá go bhfuil meas aige ar éagsúlacht teangacha nuair nach ndéanann sé aon rud chun an éagsulacht sin a chuir chun cinn, nó fiú, a chosaint.

“Beidh go leor á phléigh le linn an éisteacht, agus teastaionn uaim go mbeidh díospóireacht torthúil againn ar conas beartas cosanta a láidriú,ar an bPrótacal Teanga nua atá mar dhreacht faoi lathair, agus ar an moladh ó ELEN i dtaobh Treorach AE i gcóir teangacha mionlaigh agus réigiúnacha.

“Cuirfidh mé conclúidí agus moltaí na héisteachta ós cómhar an Coiste um Chultúir agus Oideachais chun cur chun cinn a dhéanamh i dtaobh reachtaíocht nua a spreagadh.”

Comments

comments

You must be logged in to post a comment Login